Events and Tickets
NCH Celebrates Seminal Irish Albums by Something Happens, Paddy Casey, Hothouse Flowers in its Landmark Series and Welcomes Jazz Maestro Pat Metheny in Summer/Autumn 2026
NCH Celebrates Seminal Irish Albums by Something Happens, Paddy Casey, Hothouse Flowers in its Landmark Series and Welcomes Jazz Maestro Pat Metheny in Summer/Autumn 2026
NCH Landmarks: Something Happens – Friday 12th June (Tickets €22, €30, €37.50) Info & Tickets here
NCH Landmarks: Paddy Casey – Saturday 4th July (Tickets €22, €30, €37.50) Info & Tickets here
Pat Metheny Side-Eye III+ - Thursday 16th July (Tickets €15, €45, €55, €75) Info & Tickets here
NCH Landmarks: Hothouse Flowers – Thursday 17th September (Tickets €28, €36.50, €45) Info & Tickets here
Tickets On Sale Wednesday 4th March 10am
Box Office Tel: 01 4170000 www.nch.ie
The National Concert Hall continues its ever-popular Landmarks Series with performances by acclaimed pop-rock outfit Something Happens on Friday 12 June, multi-talented singer-songwriter Paddy Casey on Saturday 4 July and unrivalled purveyors of the finest trad/soul/rock The Hothouse Flowers on Thursday 17 September. The NCH is also delighted to welcome back jazz guitar supremo Pat Metheny with his Side-Eye III+ project on Thursday 16 July.
Something Happens’ Landmarks show on Friday 12 June sees them perform two albums that played a defining role in their story; the band perform Been There, Seen That, Done That and Stuck Together With God’s Glue in full, revisiting songs that have remained part of the Irish musical landscape for more than three decades.
Something Happens are a long-established Dublin band whose songs and live performances have earned them a loyal following over several decades. Formed in the mid-1980s, the classic lineup — Tom Dunne (vocals), Ray Harman (guitar), Alan Byrne (bass) and Eamonn Ryan (drums) — became known for concise songwriting, melodic guitar lines and an engaging approach to live shows. Anthems such as Parachute and Hello Hello are consistently included in Best Irish Song lists.
On Saturday 4 July Paddy Casey celebrates the albums that defined the early chapters of his career; Amen (So Be It) and Living. The former achieved many international highlights including tracks being featured in hit television shows such as Dawson's Creek and Roswell alongside extensive American and European tours and Living went on to become one of the biggest ever selling albums in Ireland (approximately 15 times platinum in its first year).
Paddy Casey’s career has taken him all over the globe touring with acts like The Pretenders, R.E.M, Ian Brown, Blondie and Tracy Chapman to name a few. Closer to home he has played all over Ireland, including a sold-out Dublin Castle, RDS and a record-breaking week-long run in The Olympia Theatre. Paddy is currently mixing and getting ready to release the first single from his (as yet unnamed) new album due out this summer.
The iconic Hothouse Flowers take to the stage on Thursday 17 September to play seminal album Home in full, giving fans the chance to hear a record that has remained central to their story. The legendary second long-player was recorded between Dublin, Borris, London, Monmouth and New Orleans. It has become a favourite over the years with songs like Christchurch Bells, Give It Up and their now classic version of I Can See Clearly Now.
Hothouse Flowers have combined traditional Irish music with influences from soul, gospel and rock since the group formed in 1985. Their debut album, People, was the most successful debut album in Ireland ever.
On Thursday 16 July, acclaimed jazz musician Pat Metheny returns to NCH with the latest iteration of his celebrated project Side-Eye III+. The project showcases Metheny’s enduring dedication to mentoring the next generation of jazz innovators while exploring fresh musical territories. The twenty-time Grammy-winning musician has just released his first new studio album in six years with the band, appropriately titled Side-Eye III+ The group for the NCH performance comprises Metheny with Joe Dyson (drums), Chris Fishman (piano/keyboards), Jermaine Paul (bass) and Leonard Patton (percussion/vocal).
Metheny’s stellar career saw him lead The Pat Metheny Group from 1977 – 2010 and since then he has enjoyed success as a solo artist and with various side-projects. He has three gold albums and is the only person to have ever won Grammys in 10 categories.
Tickets
NCH Landmarks: Something Happens Tickets €22, €30, €37.50
NCH Landmarks: Paddy Casey Tickets €22, €30, €37.50
NCH Landmarks: Hothouse Flowers Tickets €28, €36.50, €45
Pat Metheny Side-Eye III+ Tickets €15, €45, €55, €75
10% Discount for Friends of NCH or Groups of 10 or more
On Sale Wed 4th March 10am
www.nch.ie
Box Office Tel: 01 4170000
ENDS
Media Queries: Sinead Doyle, Marketing & PR Manager or Roisin Dwyer, PR & Publications Executive, National Concert Hall, Earlsfort Terrace, Dublin 2. (S. Doyle Tel: 087 1775334 / R. Dwyer 085 7129628)
About the National Concert Hall
The National Concert Hall (NCH) is Ireland’s national cultural institution for music, proudly serving the Irish public since it opened in 1981 through live music performances and significant educational and cultural programmes. Based in the heart of Dublin’s city centre, next door to the picturesque Iveagh Gardens, the NCH is proud home to our National Symphony Orchestra, as well as providing residence for a range of other music organisations including Chamber Choir Ireland, Irish Baroque Orchestra, Music Network, Crash Ensemble and Music Generation. It is currently planning for a major redevelopment of all facilities as part of the National Development Plan and Project Ireland 2040.
FÓGRAÍONN AN HALLA CEOLCHOIRME NÁISIÚNTA
Albaim Thábhachtacha Éireannacha le Something Happens, Paddy Casey agus Hothouse Flowers ina Shraith Shuntasach agus Cuirtear Fáilte roimh Mháistir an tSnagcheoil Pat Metheny i Samhradh/Fómhar 2026
Sraith Shuntasach HCN: Something Happens – Dé hAoine 12 Meitheamh (Ticéid €22, €30, €37.50)
Sraith Shuntasach HCN: Paddy Casey – Dé Sathairn 4 Iúil (Ticéid €22, €30, €37.50)
Pat Metheny Side-Eye III+ – Déardaoin 16 Iúil (Ticéid €15, €45, €55, €75)
Sraith Shuntasach HCN: Hothouse Flowers – Déardaoin 17 Meán Fómhair (Ticéid €28, €36.50, €45)
Ticéid Ar Díol Dé Céadaoin 4 Márta 10am
Oifig na dTicéad Teileafón: 01 4170000 www.nch.ie
Leanann An Halla Ceolchoirme Náisiúnta lena Shraith Shuntasach mhóréilimh le léirithe ón ngrúpa pop-rac mór le rá, Something Happens Dé hAoine 12 Meitheamh, ón amhránaí-cumadóir ilchumasach Paddy Casey Dé Sathairn 4 Iúil agus ó mháistrí gan sárú an traid/soul/roc, The Hothouse Flowers, Déardaoin 17 Meán Fómhair. Tá an HCN thar a bheith sásta freisin fáilte a chur ar ais roimh mháistir ghiotár an tSnagcheoil Pat Metheny lena thionscadal Side-Eye III+ Déardaoin 16 Iúil.
Ag ceolchoirm Shraith Shuntasach Something Happens Dé hAoine 12 Meitheamh, seinneoidh siad dhá albam a bhí lárnach ina scéal; cuirfidh an banna Been There, Seen That, Done That agus Stuck Together With God’s Glue i láthair ina n-iomláine, ag filleadh ar amhráin atá ina gcuid bhuan de thírdhreach ceoil na hÉireann le breis agus trí scór bliain.
Is banna seanbhunaithe as Baile Átha Cliath iad Something Happens agus tá lucht leanúna dílis tuillte acu thar roinnt mhaith blianta mar gheall ar a gcuid amhrán agus léirithe beo. Bunaíodh iad i lár na 1980idí, agus tháinig cáil ar an bhfoireann chlasaiceach — Tom Dunne (glór), Ray Harman (giotár), Alan Byrne (dordghiotár) agus Eamonn Ryan (drumaí) — as a gcuid cumadóireachta gonta, línte giotáir mhéireacha agus cur chuige tarraingteach i leith léirithe beo. Cuirtear amhráin mhóra ar nós Parachute agus Hello Hello san áireamh go rialta i liostaí de na hamhráin Éireannacha is fearr riamh.
Dé Sathairn 4 Iúil déanann Paddy Casey ceiliúradh ar na halbaim a mhúnlaigh tús a ghairme; Amen (So Be It) agus Living. Bhain an chéad cheann díobh buaicphointí idirnáisiúnta amach, lena n-áirítear rianta a bheith le cloisteáil i sraitheanna teilifíse rathúla ar nós Dawson’s Creek agus Roswell, chomh maith le turais fhairsinge i Meiriceá agus san Eoraip; chuaigh Living ar aghaidh le bheith ar cheann de na halbaim ba mhó riamh a díoladh in Éirinn (thart ar chúig huaire déag platanam ina chéad bhliain).
Thug gairm Paddy Casey ar fud an domhain é, ar chamchuairt le healaíontóirí ar nós The Pretenders, R.E.M., Ian Brown, Blondie agus Tracy Chapman, i measc eile. Níos gaire don bhaile, sheinn sé ar fud na hÉireann, lena n-áirítear ceolchoirm lán-tí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, san RDS agus rith seachtaine a sháraigh gach taifead in Amharclann an Olympia. Tá Paddy i mbun meascadh faoi láthair agus ag ullmhú chun an chéad singil dá albam nua (gan teideal fós) a eisiúint, atá le teacht amach an samhradh seo.
Glacann na Hothouse Flowers íocónacha an stáitse Déardaoin 17 Meán Fómhair chun an t-albam tábhachtachHome a sheinm ina iomláine, rud a thabharfaidh deis do lucht leanúna an t-albam lárnach seo ina scéal a chloisteáil beo. Taifeadadh an dara halbam clúiteach seo idir Baile Átha Cliath, Borris, Londain, Monmouth agus New Orleans. Tá sé ina albam mór le rá thar na blianta, le hamhráin ar nós Christchurch Bells, Give It Up agus a leagan clasaiceach anois de I Can See Clearly Now.
Tá ceol traidisiúnta na hÉireann á chumasc ag Hothouse Flowers le tionchair ó soul, gospel agus roc ó bunaíodh an grúpa in 1985. Ba é a gcéad albam, People, an chéad albam ba rathúla riamh in Éirinn.
Déardaoin 16 Iúil, filleann an ceoltóir snagcheoil mór le rá Pat Metheny ar an HCN leis an leagan is déanaí dá thionscadal iomráiteach Side-Eye III+. Taispeánann an tionscadal seo díograis leanúnach Metheny i leith meantóireachta ar an gcéad ghlúin eile de nuálaithe snagcheoil agus é ag fiosrú críocha ceoil nua. Tá fiche Gradam Grammy buaite ag an gceoltóir, agus tá a chéad albam stiúideo nua le sé bliana díreach eisithe aige leis an mbanna, dar teideal Side-Eye III+. Sa ghrúpa don léiriú san HCN beidh Metheny in éineacht le Joe Dyson (drumaí), Chris Fishman (pianó/méarchláir), Jermaine Paul (dordghiotár) agus Leonard Patton (cnaguirlisí/guth).
Ina ghairmréim den scoth, bhí Metheny i gceannas ar The Pat Metheny Group ó 1977 go 2010 agus ó shin i leith tá rath bainte amach aige mar ealaíontóir aonair agus lena thionscadail taobh. Tá trí albam órga aige agus is é an t-aon duine riamh a bhuaigh Gradaim Grammy i ndeich gcatagóir éagsúla.
Ticéid
Sraith Shuntasach HCN: Something Happens – Ticéid €22, €30, €37.50
Sraith Shuntasach HCN: Paddy Casey – Ticéid €22, €30, €37.50
Sraith Shuntasach HCN: Hothouse Flowers – Ticéid €28, €36.50, €45
Pat Metheny Side-Eye III+ Ticéid €15, €45, €55, €75
10% Lascaine do Chairde an Halla Ceolchoirme Náisiúnta nó do Ghrúpaí de 10 nó níos mó
Ticéid ar díol Dé hAoine 12 Nollaig 10am
www.nch.ie
Oifig na dTicéad Teileafón: 01 4170000
CRÍOCH
Iarratais na Meán: Sinéad Doyle, Bainisteoir Margaíochta & Caidrimh Phoiblí nó Róisín Dwyer, Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí & Foilseachán Ceoláras Náisiúnta na hÉireann, Ardán Fhearnáin, Baile Átha Cliath 2 S. Doyle: 087 177 5334 R. Dwyer: 085 712 9628
Maidir leis an gCeoláras Náisiúnta
Is í Halla Ceolchoirme Náisiúnta na hÉireann institiúid chultúrtha náisiúnta ceoil na hÉireann, agus tá sí ag freastal go bródúil ar phobal na hÉireann ó osclaíodh í i 1981 trí léirithe ceoil beo agus cláir shuntasacha oideachais agus cultúrtha. Tá an Ceoláras Náisiúnta lonnaithe i gcroílár lár chathair Bhaile Átha Cliath, in aice le Gairdíní pictiúrtha Uíbh Eachach, agus tá bród ar an Ceoláras Náisiúnta as ár gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta in Éirinn, chomh maith le háit chónaithe a chur ar fáil do réimse eagraíochtaí ceoil eile lena n-áirítear Chamber Choir Ireland, Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann, Music Network, Crash Ensemble agus Music Generation. Tá athfhorbairt mhór ar na saoráidí uile á pleanáil aige famber Choir Ireland, Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann, Music Network, Crash Ensemble agus Music Generation.aoi láthair mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta agus de Thionscadal Éireann 2040.