Skip to main content

National Concert Hall Announces its ‘Four Seasons’ Chamber Music Series for 2026   to include the Dublin Song Series & Schubertreise XXXVI   Eleven Sunday Afternoon Concerts of Music Inspired by Nature and the Passage of Time (January – May 2026) 

05 Nov 2025

National Concert Hall Announces its ‘Four Seasons’ Chamber Music Series for 2026   to include the Dublin Song Series & Schubertreise XXXVI   Eleven Sunday Afternoon Concerts of Music Inspired by Nature and the Passage of Time (January – May 2026) 

The National Concert Hall is proud to announce its Four Seasons Chamber Music Series, comprising eleven Sunday afternoon recitals from January to May 2026, with music inspired by nature and the passage of time to include the Dublin Song Series and the final two instalments of the monumental Schubertreise series.  

The Four Seasons chamber series brings leading Irish and international artists to the Kevin Barry Recital Room for an exploration of light and darkness, water and ice, and the ever-turning cycle of the seasons. From the intimacy of Brahms and Tchaikovsky to the shimmering colours of Debussy and Ravel, and the timeless drama of Vivaldi’s Four Seasons, this much-loved Sunday afternoon series offers programmes that are both evocative and deeply moving. 

Highlights of the Four Seasons Chamber Music Series to include the Dublin Song Series 

·        Solas agus Scáth – Light and Shadow (25 January) 
Max Richter’s heart-wrenching On the Nature of Daylight opens a programme of contrasts, alongside Amanda Feery’s myth-inspired Thighs in Bark for solo violin, Rheinberger’s Abendlied, and Brahms’ radiant String Sextet No.1 performed by Mia Cooper, violin; Siún Milne, violin; Ruth Gibson and David Kenny, viola; Brian O’Kane and Aoife Burke, cello.   

·        Cautionary Tales – Dublin Song Series (1 February) 
 British-Sri-Lanken baritone Armand Rabot and Irish pianist Dearbhla Collins explore works by Schubert, Wolf, and Liza Lehmann, in a programme laden with natural imagery, symbolism, and emotion, from celebrating life in ‘Der Pilgrim’, to feeling oppressed by cold mists in ‘Sehnsucht’ (longing) and more. 

·        Uisce agus Oighear – Water and Ice (15 February) 
Fiona Kelly (flute), Cian Ó Dúill (viola), and Jean Kelly (harp) perform music evoking water and transformation, including Aitken’s icicle for solo flute, Dowland’s Flow My Tears, and Matthew Berrill’s contemporary Irish jig The Flood Gig for flute and harp.  

·        Na Séasúir – The Seasons (22 February) Renowned pianist Máire Carroll performs Chaminade’s evocative Automne, a poignant and richly expressive piece which reflects the beauty of Autumn, and Tchaikovsky’s The Seasons, twelve vivid portraits of the year’s months, from winter firesides to summer nights. 

·        To Sleep, Perchance to Dream – Dublin Song Series (1 March) Polish soprano Magdalena Lucjan and pianist Dearhbla Collins journey through dreams night and rebirth with Schubert, Sibelius, Berg’s Seven Early Songs, Korngold’s lyrical Unvergänglichkeit, and Lutosławski’s Chantefleurs et chantefables, inspired by Robert Desnos’ fantastical children’s poems. 

·        The Last Rose of Summer (22 March) Violinist David Tobin, Hungarian flautist Johanna Keszei, and Cypriot pianist Andreas Ioannides present a concert of spring, water, storytelling, and summertime beginning with Beethoven’s Spring Sonata, Reinecke’s Undine Sonata, and William Wallace’s Last Rose of Summer, alongside the world-premiere of Gráinne Mulvey’s ‘Fothrach’ meaning ‘ruin’ – a piece reflecting the ruins of Tara, the central seat of the high kings of Ireland. 

·        Frühlingsglaube – Faith in Spring - Dublin Song Series (12 April)Mezzo soprano Aebh Kelly and pianist Dearbhla Collins present a Romantic programme from Schubert’s springtime Lieder to Fauré’s Cinq Mélodies de Venise and Elgar’s evocative Sea Pictures, to Mahler’s Lieder eines fahrenden Gesellen, and a set of charming folksongs from Britain and Ireland. 

·        Clair de Lune (26 April) - Renowned pianist Thérèse Fahy, violinist Lynda O’Connor, and cellist Martin Johnson explore nature’s many echoes and colours with Debussy’s shimmering Reflets dans l’Eau and beloved Clair de Lune, alongside Ravel’s tribute Sonata for Violin and Cello and his luminous Piano Trio in A minor. Movements from Mélanie Bonis’ evocative Femmes de Légende, offering portraits of mythical and historical women will also be performed in this musical journey through light, colour, and lyrical expression, celebrating the rich sound world of French Impressionism. 

·        Four Seasons (31 May) - Acclaimed violinist Lynda O’Connor and her new ensemble Anamus close series with Vivaldi’s iconic Four Seasons and Ailbhe McDonagh’s Irish Four Seasons, commissioned in 2022. Juxtaposing baroque virtuosity with traditional Irish fiddle playing, the programme celebrates nature’s changing moods through Vivaldi’s timeless bird calls, storms, and icy landscapes, and McDonagh’s fresh evocations of the Irish seasons in EarrachSamhradhFómhar, and Geimhreadh

         Schubertreise XXXVI (8th March and 3rd May 2026, 3pm) - The NCH presents the final two instalments of Schubertreise (‘Schubert journey’), a landmark series that has unfolded over fifteen years. Dublin-born bass-baritone Conor Biggs and Belgian pianist Michel Stas have given thirty-seven recitals to perform Schubert’s complete solo songs—a monumental artistic achievement. These final two concerts feature the final works of the cycle, with Winterreise reserved for the closing recital, mark the culmination of one of the most ambitious and enduring projects ever staged at the NCH. 

Tickets & Booking 

Tickets for the Four Seasons Chamber Music Series 2026 and Schubertreise XXXVI are: €17.50. Tickets for the Dublin Song Series Recitals are €25. 

Tickets on sale Friday 7 November 2025 at 10am via the National Concert Hall Box Office and online at  www.nch.ie  

ENDS 

Media Queries: Sinead Doyle, Marketing & PR Manager, National Concert Hall, Earlsfort Terrace, Dublin 2 087 1775334 or Roisin Dwyer, PR & Publications Executive, 085-7129628. 

About the National Concert Hall   

The National Concert Hall (NCH) is Ireland’s national cultural institution for music, proudly serving the Irish public since it opened in 1981 through live music performances and significant educational and cultural programmes. Based in the heart of Dublin’s city centre, next door to the picturesque Iveagh Gardens, the NCH is proud home to National Symphony Orchestra Ireland, as well as providing residence for a range of other music organisations including Chamber Choir Ireland, Irish Baroque Orchestra, Music Network, Crash Ensemble and Music Generation. It is currently planning for a major redevelopment of all facilities as part of the National Development Plan and Project Ireland 2040. 

 

Sraith Cheoil Aireagail ‘Na Ceithre Shéasúr’, lena n-áirítear Sraith Amhrán Bhaile Átha Cliath & Schubertreise XXXVI, fógartha, ag an gCeoláras Náisiúnta do 2026 

11 Cheolchoirm Iarnóna ar an Domhnach  

Spreagtha ag an Dúlra agus ag an Imeacht Ama (Eanáir – Bealtaine 2026) 

Is cúis bhróid don Cheoláras Náisiúnta a Shraith Cheoil Aireagail ‘Na Ceithre Shéasúr’  2026 a chur i láthair. Reáchtálfar 11 cheadal iarnóna ar an Domhnach ó Eanáir go Bealtaine 2026, ina mbeidh ceol arna spreagadh ag an dúlra agus ag an imeacht ama, Sraith Amhrán Bhaile Átha Cliath agus an dá thráthchuid den tsraith cuimhneacháin Schubertreise ina measc.  

Tugann an tsraith cheoil aireagail ‘Na Ceithre Shéasúr’ ealaíontóirí ceannródaíocha Éireannacha agus idirnáisiúnta chuig Seomra Ceadail Kevin Barry chun iniúchadh a dhéanamh ar sholas agus dorchadas, uisce agus oighear, agus timthriall na séasúr a bhíonn ag síorathrú. Ó dhlúithe Brahms agus Tchaikovsky go dathanna lonracha Debussy agus Ravel, agus drámaíocht shíoraí Vivaldi ‘Na Ceithre Shéasúr’, cuireann an tsraith iarnóna ar an Domhnach seo, a bhfuil an-tóir uirthi, cláir spreagúla corraitheacha ar fáil. 

Sraith Amhrán Bhaile Átha Cliath i measc Bhuaicphointí Shraith Cheoil Aireagail na gCeithre Shéasúr,  

  • Solas agus Scáth (25 Eanáir) - Osclaíonn saothar coscrach Max RichterOn the Nature of Daylight clár codarsnachtaí, taobh le scannán arna spreagadh ag saothar miotasbhunaithe Amanda Feery Thighs in Bark do veidhlín aonair, Abendlied le Rheinberger, agus Téadseisréad Uimh.1 lonrach le Brahms á léiriú ag Mia Cooper, veidhlín; Siún Milne, veidhlín; Ruth Gibson agus David Kenny, vióla; Brian O'Kane agus Aoife Burke, dordveidhil.  
  • Cautionary Tales – Sraith Amhrán Bhaile Átha Cliath (1 Feabhra) 
    Déanfaidh an baratón Briotanach-Srí Lancach Armand Rabot agus an pianódóir Éireannach Dearbhla Collins iniúchadh ar shaothair le Schubert, Wolf, agus Liza Lehmann, i gclár atá lán d’íomhánna nádúrtha, siombalachas, agus mothúchán, ó cheiliúradh na beatha in 'Der Pilgrim', go hansmacht an cheobhráin fhuair i 'Sehnsucht' (dúil) agus tuilleadh. 
  • Uisce agus Oighear  (15 Feabhra) - Fiona Kelly (fliúit), Cian Ó Dúill (vióla), agus Jean Kelly (cláirseach) ag seinm ceoil a thugann uisce agus claochlú chun cuimhne, coinlín reo Aitken ar an bhfeadóg aonair ina measc, Flow my Tears le Dowland, agus port Éireannach comhaimseartha Matthew Berrill The Flood Gig ar an bhfeadóg agus ar an gcruit.  
  • Na Séasúir  (22 Feabhra) - Is í an pianódóir clúiteach Máire Carroll a bheidh i mbun an phíosa chorraithigh agus lánléirithigh Automne le Chaminade a léiríonn áilleacht an Fhómhair, agus Na Séasúir le Tchaikovsky, 12 phortráid bheoga de mhíonna na bliana, ó thinteáin an gheimhridh go hoícheanta an tsamhraidh. 
  • To Sleep, Perchance to Dream – Sraith Amhrán Bhaile Átha Cliath (1 Márta) - Taistealaíonn an soprán Polannach Magdalena Lucjan agus an pianódóir Dearhbla Collins trí aislingí oíche agus athbhreith le Schubert, Sibelius, agus Berg, Seacht nAmhrán Luath, saothar liriciúil Korngold Unvergänglichkeit, agus Lutosławski Cantefleurs agus chantefables, arna spreagadh ag dánta fantaisíochta Robert Desnos do leanaí. 
  • The Last Rose of Summer (22 Márta) - Cuireann an veidhleadóir David Tobin, an fliúiteadóir Ungárach Johanna Keszei, agus an pianódóir Cipireach Andreas Ioannides ceolchoirm i láthair faoin earrach, faoin uisce, faoin scéalaíocht agus faoin samhradh ag tosú le Sonáid an Earraigh le Beethoven, Reinecke's Undine Sonata le Reinecke agus Last Rose of Summer le William Wallace, mar aon leis an gcéad taibhiú de 'Fothrach' le Gráinne Mulvey – píosa a léiríonn fothracha Teamhrach, suíochán lárnach ardríthe na hÉireann.  
  • Frühlingsglaube – Creideamh san Earrach - Sraith Amhrán Bhaile Átha Cliath (12 Aibreán) - Cuireann an meánsoprán Aebh Kelly agus an pianódóir Dearbhla Collins clár Rómánsúil i láthair ó Lieder an earraigh le Schubert go Cinq Mélodies de Venise le Fauré agus Pictiúir Farraige, saothar corraitheach le hElgar chuig Lieder eines fahrenden Gesellen le Mahler, agus sraith dheas amhrán tíre ón mBreatain agus ó Éirinn. 
  • Clair de Lune (26 Aibreán) - Déanann an pianódóir clúiteach Thérèse Fahy, an veidhleadóir clúiteach Lynda O'Connor, agus an dordveidhleadóir clúiteach Martin Johnson iniúchadh ar mhacallaí agus dathanna iomadúla an dúlra le lonrachas Reflets dans l’Eau agus Clair de Lune iontach le Debussy, in éineacht le saothair ómósacha Ravel Sonáid don Veidhlín agus don Dordveidhlín agus Triúr ar an bPianó i mionghléas A. Gluaiseachtaí ó shaothar Melanie Bonis  Femmes de Légende, ag tairiscint portráidí de mhná miotaseolaíocha agus stairiúla, déanfar léiriú orthu chomh maith sa turas ceoil seo trí sholas, dath agus léiriú liriciúil, ag ceiliúradh shaol saibhir fuaime Impriseanachas na Fraince. 
  • Na Ceithre Shéasúr (31 Bealtaine) - Cuireann an veidhleadóir clúiteach Lynda O'Connor agus a ensemble nua Anamus clabhsúr ar shraith le ceol íocónach Vivaldi Na Ceithre Shéasúr agus Ceithre Shéasúr na hÉireann le hAilbhe Nic Dhonnchaidh, arna gcoimisiúnú in 2022. Agus fíorúlacht Bharócach á cur le chéile le seinm traidisiúnta na fidléireachta Éireannaí, déanann an clár ceiliúradh ar ghiúmar athraitheach an dúlra trí ghlaonna éan gan teorainn le Vivaldi, stoirmeacha agus tírdhreacha oighreata, agus macallaí úra McDonagh ar shéasúir na hÉireann in Earrach, Samhradh, Fómhar, agus Geimhreadh.
  • Schubertreise XXXVI (8 Márta agus 3 Bealtaine 2026, 3pm) - Cuireann an Ceoláras Náisiúnta an dá thráthchuid dheireanacha de Schubertreise ('Turas Schubert') i láthair, sraith mhór le rá atá ag leanúint ar aghaidh le 15 bliana. Tá 37 ceadal tugtha ag an dordbharatón a rugadh i mBaile Átha Cliath, Conor Biggs, agus an pianódóir Beilgeach Michel Stas chun amhráin aonair iomlána Schubert a sheinm — éacht ealaíonta ollmhór. Beidh saothair dheireanacha an timthrialla le cloisteáil sa dá cheolchoirm dheireanacha seo, agus Winterreise curtha in áirithe don cheadal deiridh, deireadh ceann de na tionscadail is uaillmhianaí agus is buaine a cuireadh ar stáitse riamh ag an gCeoláras Náisiúnta. 

Ticéid & Áirithintí

Tá costas €17.50 ar na ticéid le haghaidh na Sraithe Cheoil Aireagail ‘Na Ceithre Shéasúr’ 2026 agus Schubertreise XXXVI. Tá costas €25 ar na ticéid le haghaidh Cheadail Shraith Amhrán Bhaile Átha Cliath

Ticéid ar díol Dé hAoine 7 Samhain 2025 ar 10am trí Oifig na dTicéad sa Cheolárás Náisiúnta agus ar líne ar www.nch.ie  

Is féidir sonraí iomlána na gceolchoirmeacha uile a fheiceáil anseo.  

CRÍOCH 

Fiosrúcháin na Meán: Sinead Doyle, Bainisteoir Margaíochta & Caidreamh Poiblí, An Ceoláras Náisiúnta, Cúirt Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 087 1775334 nó Roisin Dwyer, Feidhmeannach Caidreamh Poiblí & Foilseachán, 085-7129628. 

 

Faoin gCeoláras Náisiúnta        

Is é an Ceoláras Náisiúnta (CN) institiúid chultúrtha náisiúnta na hÉireann don cheol, a fhreastalaíonn go bródúil ar phobal na hÉireann ó osclaíodh é i 1981 trí thaibhithe ceoil beo agus cláir shuntasacha oideachais agus chultúrtha. Lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath, agus béal dorais le Gairdíní Uíbh Eachach, tá an CN bródúil as ár gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta, chomh maith le háit chónaithe a chur ar fáil do réimse eagraíochtaí ceoil eile lena n-áirítear Cór Aireagail Éireann, Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann, Music Network, Crash Ensemble agus Music Generation. Tá sé i gceist faoi láthair athfhorbairt mór á dhéanamh ar na háiseanna go léir mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta agus de Thionscadal Éireann 2040.  

 

 

Stay connected

Sign Up for our Monthly Newsletter

Sign-up to our newsletter