Skip to main content

National Concert Hall Announces Cultural Programme for Ireland’s Presidency of the Council of the European Union 2026

ECM 2026 Web Header

17 Jun 2026

National Concert Hall Announces Cultural Programme for Ireland’s Presidency of the Council of the European Union 2026

The National Concert Hall (NCH) has today unveiled a major international cultural programme to mark Ireland’s Presidency of the Council of the European Union in 2026, placing music, artistic collaboration and shared European values at the centre of a landmark series of performance and cultural exchange, from August - December 2026. Supported by the Department of Culture, Communications and Sport and Culture Ireland, the programme is presented under the banner ECM 2026 and as part of the National Concert Hall’s 2026/2027 Classical Season. It celebrates the pioneering German label ECM (Edition of Contemporary Music) and brings together some of Europe and the world’s most celebrated artists, orchestras, choirs and ensembles for a season of exceptional live music across Dublin and Cork.

Minister for Culture, Communications and Sport Patrick O’Donovan commented:
“The National Concert Hall’s remarkable season of music forms a key part of Cultúr2026: Sharing Ireland’s Culture, the culture programme for Ireland’s Presidency of the Council of the European Union. The Presidency offers a unique opportunity to showcase the best of Irish arts and culture and to engage our citizens to reflect on Ireland’s role in the EU. I am pleased to see that the additional investment in the arts brought about by the Presidency will directly benefit the Irish people through this series of concerts and performances.”

Speaking about the programme, Nigel Flegg, CEO of the National Concert Hall, said:
“Ireland’s Presidency of the Council of the European Union provides a valuable opportunity to highlight the power of culture and music to connect people across borders, traditions and languages. Through ECM 2026 and the 2026/2027 Classical Season, the National Concert Hall aims to celebrate shared European values of openness, creativity and artistic exchange, while showcasing the richness and diversity of Europe’s cultural identity”. He added that "the programme also reflects the organisation’s broader commitment to making world-class music accessible to audiences across Ireland through broadcasts, digital engagement, touring, and learning and participation initiatives”.

ECM 2026 Highlights include:

  • Heiner Goebbels’s acclaimed Songs of War I Have Seen which draws on Gertrude Stein's wartime diaries, blending spoken word with live music by Irish Baroque Orchestra and Crash Ensemble. Described as a "thought provoking hauntingly tender work for troubled times" by The Boston Globe (11th October 2026)
  • Major concerts celebrating the music of Arvo Pärt and Baltic composers with the Estonian Philharmonic Chamber Choir and National Symphony Orchestra Ireland (Dublin and Cork) (30th Oct – 1st November 2026)
  • Performances by Scandinavian jazz supergroup Arcanum, Greek singer Savina Yannatou and Primavera en Salonico, and Lamia Bedioui (3rd November 2026)
    Grammy-nominated American pianist and composer Vijay Iyer (7th November 2026)
  • Renowned Hungarian pianist Sir András Schiff performing Bach’s masterpiece The Art of Fugue (12th December 2026)
  • Intimate concerts featuring Norwegian lutenist and Baroque guitarist Rolf Lislevand; Anna Gourari Trio; Catalan pianist Jordina Millà and British double-bass player Barry Guy; American musicians, pianist Craig Taborn and trumpeter Peter Evans and more.
  • A series of post-concert talks and artist conversations hosted by John Kelly.

Other concert highlights as part of the NCH’s cultural programme for Ireland’s Presidency of the Council of the European Union, supported by the Department of Foreign Affairs and Trade include:

  • Ukrainian Freedom Orchestra with conductor Keri-Lynn Wilson and soprano Julia Kleiter opening the NCH Classical Season 2026/2027 with Bohdana Frolyak's Gloria, Mahler's Ruckert-Lieder and Beethoven's exhilarating Symphony No. 7.  (22nd August 2026)
  • Special schools concerts - the world premiere of The Magical Harp of the Dagda with National Symphony Orchestra Ireland and guest soloists (3rd November 2026).

The world premiere of The Magical Harp of the Dagda, is a new work inspired by Irish mythology with music by Aoife Ní Bhriain and Cormac McCarthy, and text by Laureate na nÓg Patricia Forde. Commissioned by National Symphony Orchestra Ireland and Bayerischer Rundfunk with support from the Government of Ireland, the school’s concert productions will feature acclaimed Irish traditional musicians alongside the National Symphony Orchestra Ireland under conductor Karen Ní Bhroin, allowing up to 2,400 children and their teachers to experience the power of live music at NCH.

The cultural programme for Ireland’s Presidency of the Council of European Union 2026 at National Concert Hall is supported by the Department of Culture, Communications and Sport and Culture Ireland. Full details of all concerts available at www.nch.ie

Booking Information

Tickets from €15 for all main stage concerts as part of ECM 2026 and the Ukrainian Freedom Orchestra concert. (Tickets for Estonian Philharmonic Chamber Choir performance in Cork vary and are available through Triskel Arts Centre).

ENDS
For media enquiries, interviews and images please contact: Sinéad Doyle Marketing & PR Manager, National Concert Hall, Earlsfort Terrace, Dublin 2. Tel; 087 1775334 or Roisin Dwyer, PR & Publications Executive, National Concert Hall, Earlsfort Terrace, Dublin 2 Tel: 085-7129628

About the National Concert Hall

The National Concert Hall is Ireland’s national cultural institution for music, proudly serving audiences since opening in 1981 through an extensive programme of live performance, education and cultural initiatives. Located in the heart of Dublin city centre beside the Iveagh Gardens, the NCH is home to National Symphony Orchestra Ireland, National Symphony Chorus, the NCH Cór Linn youth choir (for ages 14–19), and Ireland’s leading children’s choir Cór na nÓg. The NCH also provides a home for a range of resident music organisations, including Chamber Choir Ireland, Irish Baroque Orchestra, Music Network, Crash Ensemble and Music Generation. The National Concert Hall is currently planning a major redevelopment of its facilities as part of Project Ireland 2040 and the National Development Plan. The NCH Discover Centre marks the first phase of this once-in-a-generation transformation, reimagining the National Concert Hall as a vibrant, accessible cultural campus, a true home for music in Ireland. The expanded campus will feature new and enhanced performance spaces, learning and participation facilities, and welcoming civic spaces, engaging more than 500,000 visitors annually. At its heart, this redevelopment will deepen the NCH’s national impact, ensuring music is experienced, explored and shared by generations to come.

 

Clár Mór Cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026 fógartha ag an gCeoláras Náisiúnta

D’fhógair an Ceoláras Náisiúnta clár mór cultúrtha idirnáisiúnta inniu chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026 a cheiliúradh, a chuireann ceol, comhoibriú ealaíonta agus luachanna comhroinnte Eorpacha ag croílár sraith shuntasach taibhithe agus malartaithe cultúrtha, ó Lúnasa go Nollaig 2026. Agus é tacaithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus ag Cultúr Éireann, tá an clár curtha i láthair in ainm ECM 2026 agus mar chuid de Shéasúr Clasaiceach an Cheolárais Náisiúnta 2026/2027. Ceiliúrann sé an lipéad ceoil ceannródaíoch Gearmánach ECM (Edition of Contemporary Music) agus tugann sé le chéile cuid de na healaíontóirí, na ceolfhoirne, na cóir agus na ensembles is mó cáil san Eoraip agus ar domhan le haghaidh séasúr ceoil bheo eisceachtúil ar fud Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí.

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin:
“Tá séasúr ceoil iontach an Cheolárais Náisiúnta ina chuid lárnach de Cultúr2026: Cultúr na hÉireann a Chomhroinnt, clár cultúir Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Cruthaíonn an Uachtaránacht deis uathúil dúinn chun an chuid is fearr d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann a sheóthaispeáint agus chun ár saoránaigh a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar ról na hÉireann san AE. Tá áthas orm a fheiceáil go mbainfidh muintir na hÉireann tairbhe dhíreach as an infheistíocht bhreise sna healaíona a thagann leis an Uachtaránacht tríd an tsraith seo de cheolchoirmeacha agus de thaibhithe”.

Agus é ag labhairt faoin gclár, dúirt Nigel Flegg, Príomhfheidhmeannach an Cheolárais:
“Cruthaíonn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh deis luachmhar chun béim a leagadh ar chumhacht an chultúir agus an cheoil chun daoine a nascadh trasna teorainneacha, traidisiúin agus teangacha. Trí ECM 2026 agus Séasúr Clasaiceach 2026/2027, tá sé mar aidhm ag an gCeoláras Náisiúnta luachanna comhroinnte na hEorpacha maidir le hoscailteacht, le cruthaitheacht agus le malartú ealaíonta a cheiliúradh, agus ag an am céanna saibhreas agus éagsúlacht chéannacht chultúrtha na hEorpa á léiriú. Dúirt sé freisin go léiríonn an clár tiomantas na heagraíochta i gcoitinne ceol den scoth a bheith inrochtana do lucht éisteachta ar fud na hÉireann trí chraoltaí, rannpháirtíocht dhigiteach, camchuairteanna, agus tionscnaimh foghlama agus rannpháirtíochta”.

I measc bhuaicphointí ECM 2026 tá:

  • Songs of War I Have Seen le Heiner Goebbels, a bhfuil cáil mhór air, le Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann agus Crash Ensemble (11 Deireadh Fómhair 2026)
  • Ceolchoirmeacha móra ina cheiliúrfar ceol Arvo Pärt agus cumadóirí Baltacha le Cór Aireagail Fiolarmónach na hEastóine agus Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta Éireann (Baile Átha Cliath agus Corcaigh) (30 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2026)
  • Taibhithe ón sárghrúpa snagcheoil Lochlannach Arcanum, ón t-amhránaí Gréagach Savina Yannatou agus Primavera en Salonico, agus Lamia Bedioui (3 Samhain 2026)
  • An pianódóir agus cumadóir Meiriceánach Vijay Iyer, a ainmníodh do Ghradam Grammy (7 Samhain 2026)
  • An pianódóir Ungárach clúiteach Sir András Schiff ag seinm mhórsaothar Bach The Art of Fugue (12 Nollaig 2026)
  • Dlúthcheolchoirmeacha leis an liúiteoir Ioruach agus giotáraí Bharócach Rolf Lislevand; Tríréad Anna Gourari; an pianódóir Catalónach Jordina Millà agus an seinnteoir olldoird Briotanach Barry Guy; Ceoltóirí Meiriceánacha, an pianódóir Craig Taborn agus an trumpadóir Peter Evans agus eile.
  • Sraith de chainteanna iar-cheolchoirme agus comhráite le healaíontóirí faoi stiúir John Kelly

I measc buaicphointí ceolchoirme eile mar chuid de chlár cultúrtha an NCH d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tacaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, tá:

  • Ceolfhoireann Shaoirse na hÚcráine le Keri-Lynn Wilson agus Julia Kleiter ag oscailt Shéasúr Clasaiceach NCH 2026/2027 (22 Lúnasa 2026)
  • Ceolchoirmeacha scoileanna speisialta - an chéad taibhiú domhanda de The Magical Harp of the Dagda le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta Éireann agus aoi-aonréadaithe (3 Samhain 2026).

Is saothar nua é céad thaibhiú domhanda de The Magical Harp of the Dagda, atá spreagtha ag miotaseolaíocht na hÉireann, le ceol cumtha ag Aoife Ní Bhriain agus Cormac McCarthy, agus téacs ag Laureate na nÓg Patricia Forde. Arna choimisiúnú ag Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta na hÉireann agus ag Bayerischer Rundfunk le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann, cloisfear ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha mór le rá i léiriúcháin cheolchoirme do scoileanna i dteannta le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta Éireann faoi stiúir Karen Ní Bhroin, rud a ligfidh do suas le 2,400 páiste agus a múinteoirí cumhacht an cheoil bheo a bhlaiseadh san NCH.

Tá clár cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026 ag an Halla Ceolchoirme Náisiúnta tacaithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus ag Cultúr Éireann. Tá sonraí iomlána na gceolchoirmeacha ar fáil ag www.nch.ie

Eolas Áirithinte

Ticéid ó €15 do gach ceolchoirm phríomhstáitse mar chuid de ECM 2026 agus do cheolchoirm Cheolfhoireann Shaoirse na hÚcráine. (Ta praghsanna éagsúla ar thicéid do thaibhiú Chór Aireagail Fiolarmónach na hEastóine i gCorcaigh agus tá siad ar fáil ó Ionad Ealaíon Triskel).

Críoch
Má tá fiosrúcháin ag na meáin nó chun iarratais ar agallaimh nó ar íomhánna a dhéanamh déan teagmháil le:
Sinéad Doyle Bainisteoir Margaíochta & PR, An Ceoláras Náisiúnta, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2. Teil; 087 1775334 nó Roisin Dwyer, Feidhmeannach PR & Foilseachán, An Ceoláras Náisiúnta, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 Teil: 085-7129628

Maidir leis an gCeoláras Náisiúnta

Is é Ceoláras Náisiúnta na hÉireann institiúid chultúrtha náisiúnta don cheol, agus freastalaíonn go bródúil ar luchtanna éisteachta ó osclaíodh é in 1981 trí chlár fairsing de thaibhithe beo, d’oideachas agus de tionscnaimh chultúrtha. Agus é lonnaithe i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath in aice le Gairdíní Uíbh Eachach, tá an Ceoláras Náisiúnta ina bhaile do Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta Éireann, do Chór Shiansach Náisiúnta, do chór óige an Cheolárais Náisiúnta: Cór Linn (do dhaoine idir 14 agus 19 mbliana d'aois), agus don chór leanaí is mó le rá na hÉireann, Cór na nÓg. Tá an Ceoláras Náisiúnta ina bhaile freisin do raon eagraíochtaí ceoil cónaitheacha, lena n-áirítear Cór Aireagail na hÉireann, Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann, Music Network, Crash Ensemble agus Music Generation. Tá athfhorbairt mhór ar a chuid áiseanna á pleanáil ag an Ceoláras Náisiúnta faoi láthair mar chuid de Thionscadal Éireann 2040 agus den Phlean Forbartha Náisiúnta. Is é Ionad Fionnachtana an NCH an chéad chéim den chlaochlú seo nach ndéanfar é ach uair amháin i nglúin, a dhéanfaidh an Ceoláras Náisiúnta a athchruthú mar champas cultúrtha bríomhar, inrochtana, fíorbhaile do cheol na hÉireann. Beidh spásanna taibhithe nua agus feabhsaithe, áiseanna foghlama agus rannpháirtíochta, agus spásanna sibhialta fáilteacha mar chuid den champas leathnaithe, rud a mheallfaidh breis 500,000 cuairteoir in aghaidh na bliana. Is é croíchuspóir an athfhorbartha seo, tionchar náisiúnta an NCH a threisiú, a chinnteoidh gur féidir leis na glúnta atá le teacht an ceol a bhlaiseadh, a iniúchadh agus a roinnt.

Stay connected

Sign Up for our Monthly Newsletter

Sign-up to our newsletter